AUT25-112 Litríocht Nua na hArdteiste – Iníon agus Athair Test

AUT25-112 Litríocht Nua na hArdteiste – Iníon agus Athair Test

25TRA631 Litríocht Nua na hArdteiste – Iníon agus Athair

Dáta:        Dé Céadaoin, 3ú Meán Fómhair 2025
Am:          7 - 8 pm
Suíomh:  Ar líne trí Zoom

Spriocghrúpa: Múinteoirí Gaeilge atá ag múineadh an 5ú bliain i Meán Fómhair 2025 – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Beidh sé an-oiriúnach do mhúinteoirí gan mórán aithne ar na téacsanna go fóill.

Tabharfar léargas ar dhá théacs atá ar an tsonraíocht nua – An dán Iníon le hÁine Durkin agus an gearrscéal Athair le Micheál Ó Conghaile. Déanfar anailís ar na teicnící litríochta atá le feiceáil iontu chomh maith le téamaí agus mothúcháin a bheidh oiriúnach agus éasca le plé le ranganna ar leibhéil éagsúla. Molfar ceisteanna scrúduithe agus tascanna breise chun anailís dhomhain a spreagadh.

Beathaisnéis an Láithreora: Vikki Ní Bhréin

vikki ni bhrein

Is múinteoir Gaeilge agus tíreolais í Vikki Ní Bhréin le 15 bliana de thaithí ag múineadh i gcomhthéacsanna leathana. Chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge i Chicopee, MA le Fulbright agus chaith sí seal ag oibriú mar theagascóir i gCOBÁC. Faoi láthair tá sí ag oibriú mar shaineolaí ábhair le Studyclix ar an ardán nua – Irish Boost. Roinneann sí smaointe agus acmhainní ar a leathanach Instagram: @seomra_inine

Course Details

Date & Time 03-09-2025 7:00 pm
Course End Date / Time 03-09-2025 8:00 pm
Cut off date 03-09-2025 7:00 pm
Capacity 1000
Course Fee Free
Location Online

Full or cut off date has passed