SP23-208 Teanga ó Bhéal - Moltaí Praiticiúla & Áiseanna Oiriúnacha
DATE: Monday, 6 March 2023 TIME: 7pm - 8pm VENUE: Online Via Zoom
Sa cheardlann seo tabharfaidh Máire: Moltaí praiticiúla chun an teanga ó bhéal a mhúineadh agus a chur chun cinn sa rang. Moltaí faoi áiseanna oiriúnacha chun tacú le cur chun cinn na teanga.
Máire Nic an Rí
Múinteoir bunscoile, a chuaigh ar scor le déanaí is ea Máire Nic an Rí. D'oibrigh sí mar Oifigeach Oideachais Bunscoile leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). D’oibrigh sí roimhe sin leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) mar Chomhairleoir ar dtús agus ansin mar Cheannaire Foirne na Gaeilge (Bunscoil agus Iar-bhunscoil).
Tá suim ar leith aici i múineadh na Gaeilge agus bhí sí ar an Mheitheal Forbartha do Churaclam Teanga na Bunscoile. Scríobhann Máire alt mhíosúil ar áiseanna teagaisc don Ghaeilge don iris In Touch.